learn navigation
Bí cinnte go bhfuil an guthán sa mhód cheart. Ar dtús, socraigh do ghuthán póca i mód T9. Má tá roghchlár teachtaireachtaí téacs ar do ghuthán, cuardaigh ansin é faoi ainmneacha ar nós ‘Téacs Tuarthach’, ‘Foclóir’, nó ‘Focal T9’. Ba cheart go mbeadh sé freisin ar cheann de na roghanna a dtéann tú tríothu agus tú ag aistriú ó mhód clóscríofa rialta chuig uimhreacha nó siombailí agus tú ag clóscríobh teachtaireachta.
Tóg go socair é. Ná brúigh eochair ach uair amháin an litir.
Ná bí buartha. Déan neamhiontas d’fhocal ar bith a léirítear ar an scáileán go dtí go bhfuil tú réidh le cur isteach an fhocail reatha. De thairbhe go bhféachann T9 le macasamhail a fháil do gach brú eochrach, is féidir go n-athróidh an focal a léirítear i rith an ama. De ghnáth, feicfidh tú an focal atá uait faoin am a mbeidh sé litrithe agat.
Seiceáil do roghanna. Má tá an focal atá uait litrithe agat, ach T9 ag taispeáint ceann difriúil, scrollaigh tríd do mhacasamhla féideartha. Tá eochair ar do ghuthán póca a dtig léi athrú ó dhéanamh go déanamh. Cuardaigh an eochair cheart ar do ghuthán féin! Go minic is í an eochair scoránaithe síos atá i gceist, cé gur féidir gurb iad na heochracha #, *, + nó ‘0’ atá uait.
Sábháil do cheann féin. Má bhíonn an focal scríofa amach agat agus nach bhfuil sé san fhoclóir, litrigh amach an focal agus cuir le do liosta príobháideach é. Beidh an focal ansin an chéad uair eile a mbainfidh tú úsáid as.
Bí críonna le poncaíocht. Brúigh eochair ‘1’ nuair is mian leat poncaíocht cosúil le huaschamóg nó lánstad a chur isteach.
Téigh i bhfad. Más mian leat uimhreacha a chur isteach, brúigh an eochair chuí ar feadh tréimhse fada go dtí go nochtfaidh an uimhir.